Bígí linn do chéiliúradh náisiúnta Fhéile Phádraig
Aoine 12ú – Céadaoin 17ú Márta 2010
Ag céiliúradh ár 15ú bhliain, ní hamháin gur ócáid céiliúradh d’Éireannaigh agus do chuairteoirí í an fhéile náisiúnta, ach cuireann an fhéile tuairim is €58.3 milliún leis an ngeilleagar freisin. Tá súil le go mbeidh breis is milliún duine ag glacadh páirt in imeachtaí na Féile le linn sé lá agus oiche chéiliúradh. Ní hamháin go bhfógraíonn Féile Phádraig teacht an Earraigh, ach fógraíonn sí freisin siamsaíocht saor in aisce ar na sráideanna.
Tosáionn an fhéile oiche Dé hAoine le clár scannáin, fuirseoiracht agus físealaín in ionaid éagsúla ar fud na cathrach.
Eirigí go luath maidin Sathairn chun páirt a ghlacadh san Tóraíocht Taisce leis na mílte bleachtairí eile ag lorg leide agus ag taisceál na cathrach.
Beidh an spéir trí lasadh tharr chathair Luimnigh ag Skyfest, taispeántas tine ealaíne an Chranchuir Náisiúnta, oiche Sathairn (13ú Márta). Táimid ag súil le ós cionn 50,000 sa lucht féachana don oíche mhórthaibhseach seo. Seo an tríú ócáid do Skyfest a bheith suite lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, taréis Phort Láirge i 2009 agus Caisil i 2008. Beidh féile ar shráideanna Luimnigh freisin – carnabhal. aonaigh agus amharclannaíocht – agus mórshiúl bhannaí idirnáisiúnta ar an Domhnach 14ú Márta.
Beidh an Big Day Out ar siúl i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath ar an Domhnach 14ú Márta. Le scoth na dtaibheoirí sráide, seo ócáid don chlann uilig agus do chuairteoirí ina measc.
Tá an bhean dearg go maith ag na Gael, agus aitheantas bainte amach again ar fud na cruinne dár gcuid gliogairnéis agus cabaireacht – beidh dhá árdán dhúshlánacha ag tástáil na buanna seo! Beidh siompóisiam ‘Glór na nÓg: Óige na hÉireann i ndomhain gan teorann’ á reachtáil in éineacht leis an ISPCC ar an 15ú Márta agus ar an Máirt beidh The Dubliner ag reachtáil ‘Oiche OLL-smaointe: cén leas a rinne Éireann don domhain?’ san Tripod, Sráid Fhearchair.
Tumaigí isteach sa chultúr agus craic Gaelach le Gaelspraoi, céiliúradh na Gaeilge, agus glacaigí páirt in iliomaid imeachtaí le linn laethanta na Féile – clár iomlán le feiceáil ar an suíomh www.stpatricksfestival.ie.
Tá Taisce Chultúrtha Bharra an Teampall ag óstáil conair ealaíne ionsparáideach le linn na féile. Beidh “Shop If You Can, Look If You Want” ag taispeáint ealaíon Bharra an Teampall agus tógraí úra nuálacha le healaíontóirí Éireannacha – deis dúinn uilig dul in aithne ar shár-ealaíontóirí uirbeacha.
Éalaigí go luath ón obair agus léimigí thart ag Céilí na Féile ar an 16ú Márta. Táimid ag súil leis na sluaite ag preabadh is ag pocléimt óna 4i.n. ag Faiche Stiabhna.
Bígí linn ar an Chéadaoin 17ú Márta do Mhórshiúl Lá le Pádraig – céiliúradh sráide ag síneadh 3km tríd lár na cathrach. Beidh na míllte ar na sráideanna agus na milliúin ag breathnú ar chraoladh RTÉ 1 agus ar bheosruth ar an idirlín. Beidh taispeántais taibhseacha le feiceáil ó na ceithre chúige; LUXe as Dún na nGall, Spraoi as Phort Láirge, Buí Bolg as Loch Gármain agus City Fusion as Baile Átha Cliath, ina measc. Agus i dteannta leo beidh bannaí máirseála ón Ostair, an Ghearmáin, Meiriceá agus Éirinn fhéin.
Ag cur críoch leis an Fhéile ar an oiche (17ú Márta), beidh ceolchoirmeacha le scoth na gceoltóirí traidisiúnta, Dónal Lunny le “A Celebration of Irish Voices” ag an Cheoláras Náisiúnta agus Kila ag an Olympia. Is cinnte go spreagfaidh an cheolchoirm faoi stiúir an cheoltóir iomráiteach Dónal Lunny ardú meanma agus croí san lucht féachana. Tá ticéidí ar fáil ar www.nch.ie, g: 01 417 0000 ar chostas €18/€25/€29/€35.
Tá clár imeachtaí na Féile ar fail ar www.stpatricksfestival.ie, lean muid ar Twitter @stpatricksfest, nó bígí linn ar Facebook Patricks Fest. Is féidir leat Festival App a íoslódáil má sheolfann tú téacs 51315* go PATSFEST nó buail isteach chuig an App Store chun iPhone App* saor in aisce a fháil.
Comórtas ghriangrafadóireachta!
Cláraigh ar www.fujipix inniú agus gheobhaidh tú 20 chló soar in aisce. Glac páirt i gComórtas Ghriangrafadóireachta na Féile agus seol r-phost de do ghriangraf is fearr den Fhéile chuig photography@stpatricksfestival.ie chun seans a bheith agat ceann de thrí cheamara digiteach FUJIFILM FinePix a ghnóthú. Tuilleadh eolais ar fail ar www.stpatricksfestival.ie


